Dráma na Nollag 2000

 

Naíonáin ar an stáitse

 

  Naíonáin ag aithris Scéal na Nollag.

 

Rang 1&2 ar an stáitse

Cá bhfuil Hata Dhaidí na Nollag?????
 
Rinne muid dráma na Nollag ar an 22ú la de Nollag. Scéal faoi Daidí na Nollag . Bhí gach duine againn pairteach ann. Bhí cuid againn ag canadh agus cuid eile bhí línte ace le rá. Bhí muid iontach agus fuair Daidí na Nollaig a hata ar ais sa deire. Róisín Ní Cheannabháin, (Rang a 2)

Faoi Nollag rinne mo rang an dráma "Hata Dhaidí na Nollag". Bhí mise mar elf . Bhí éadach dearg agus glas orm. Bhí Daidí , Mamaí, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúr ag breathnú orm. Ag an deireadh fuair muid bualadh bos mór millteach. Dúirt gach duine go raibh muid iontach. Bhí an-oíche againn! Áine Ní Dhubhghaill, (Rang a 1.)

Oíche Déardaoin a bhí ann, agus bhí gach duine ag fáil réidh thuas ar an stáitse san halla. Bhí muid ar fad ar bís i gcóir an dráma, scéal a bhí ann gur chaill Daidí na Nollaig a hata. Bhí orainn an hata a chuartú sna bronntanais ach taréis tamall fuair muid an hata ar Theidí beag. Bhí gach duine sásta. Sorcha Ní Fhátharta, (Rang a 1)

Hata Dhaidí na Nollaig an tainm a bhí ar an dráma a rinne Rang 1 agus 2 i mbliana. Bhí an dráma fada go maith . Bhí mé ar bís roimh dul ar stáitse. Bhí oíche mhaith ag gach duine agus go leor sean daoine ann.
Aoife Bolustrom, (Rang a 1)

 

Rang a 3&4

Dráma na Nollag - Rang 3&4

Oíche Déardaoin an 21 de mhí na Nollag. Bhí mé i mo bhean uasal, bhí orm damhsa le fear uasal. Bhí mé an- neirbhíseach ar an stáitse ach chuaigh mé tríd. Bhí Eoin mar leipreachán an dána. Muireann a bhí mar Rumpelstiltskin, leipreachán an-dána eile agus sin an t-ainm a tá ar an scéal - Rumpelstiltskin.

CAROLINE NÍ FHÁTHARTA (Rang a 3)

Bhí ceolchoirm na scoile ar siúl Deardaoin an 21 de mhí na Nollag. Bhí mé mar dhuine uasal sa dráma. Bhí eadaí shiny orm agus tights agus treabhsar gearr violet orm. Bhí sé an-deacair nuair a bhí muid ag cleachtadh. An t-anim a bhí air ná Rumpelstiltskin - Cormac Ó Fátharta (Rang a 3)

Bhí dráma againne i rang a trí agus ceathair i gceolchoirm na scoile ar an Déardaoin an 21ú lá de Mhí na Nollag. Bhí 19 daoine ag glacadh páirt sa dráma seo. Bhí cupla cailín agus buachaill ina ndaoine uaisle. Agus bhí orthu damhsa le chéile. Bhí mise mar dhuine de na daoine sin. Bhí orm damsha le fear uasal agus leath bealaigh tríd an damsha bhí orm áit a athrú le cailín darbh ainm Mairéad. Cheap mé go raibh chuile chuid den dráma iontach. Eimear Ní Fhlatharta. (Rang a 3)

I mo dhráma Nollag bhí mé mar Dan. Bhí sé ar an Déardaoin an 21ú de mhí na Nollag. Bhí léine bhán orm agus treabhsar gearr agus tights. Bhí mé neirbhíseach ar dtús. An t-ainm a bhí an drama ná Rumpelstiltskin. Tháinig mo thuismitheoirí ag an dráma. Cheap siad go raibh sé go maith. Bhí mo chara Séan mar Iarla agus Cormac mar fhear uasal. Bhí smidiú orm. Bhí an dráma go maith. Thaithin an dráma go mór liom. Máirtín Ó Conghaile (Rang a 4)

 

Rinne muide dráma na Nollag. Oíche Déardaoin a bhí ann . Rumpelstiltskin an t-ainm a bhí air. Thaitin an pháirt a bhí agamsa go mór liom. Bhí mé mar Rí agus bhí go leor le cleachtadh agam. Chaith mé treabhsar gorm léine ghorm agus bán agus stocaí bána agus coróin ór. Bhí smidiú ar mo éadan. Bhí go leor daoine ann. Bhí mé neirbhísheach ach bhí sceitimíní orm ag an am céanna. Cheap mé go ndearna chuile dhaoine íontach. Ag an deireadh chas muid amhrán. Bhí chuile dhuine ag labhairt go hard. An t-ainm a bhí ar an scéalaí ná Aisling. Yasmin Ní Chonghaile. (Rang a 4)

Rinne muid dráma na Nollag mí ó shoin. Bhí mise mar scéalaí sa dráma. Bhí Yasmin mar Rí. Bhí mé an- neirbhíseach ach ansin bhí mé ceart go leor. Bhí an oíche iontach. Bhí gúna mór orm. An tainm a bhí air ná Rumpelstiltskin. Rinne muid go leor cleachtadh ar an dráma. Bhí raffle ag an deireadh. Aisling Ní Chonghaile (Rang a trí. )

 

Soilse,Ceamara,Aicsean!

Cuir ar na soilse,

Cas ar an Ceamara,

Oscail na Cuirtíní,

Bhí gach duine ag breathnú,

Bhí Druff ag damhsa, bhí sé an-dána,

Bhí fearg ar Dan is thosaigh sé ag scréachaíl,

Tháinig an Rí, Bhí sé ag dul pósadh,

Bhí sé ag caint liomsa,

‘s phioc sé mo chara ‘s bhí mé ar buile,

Bhí ar Eibhlín, ór a dhéanamh as tuí,

Ansin tháinig Luidín Ó Laoi. Caitríona Ní Chadhain. (Rang a 3)

 

Bhí dráma rang trí agus ceathair ar an Déardaoin an 21ú de mhí na Nollag ag seacht a chlog. Bhí orm damhsa le fear uasail, bhí miud an-neirbhíseach agus sceitiminí orm. Bhí mé i mo dhuine uasal. Bhí go leor daoine eile mar dhaoine uaisle fresin. Bhí gúna dubh orm. Bhí

ár ndráma iontach. Caoimhe Ní Mhaoileoin (Rang a trí)

 

Ar oíche dhráma na Nollag bhí mé neirbhíseach agus bhí sceitimíní orm. Rinne muid an dráma Rumpelstiltskin agus bhí mise mar leipreachán. Bhí leicne dearg orm agus culaith ghlas freisin. Chan mé amhrán liom féin agus fuair mé bualadh bos mór. Sa dráma bhí mise mar chúntóir Rumpelstiltskin. Nuair a bhí an dráma thart fuair muid bualadh bos mór millteach agus dúirt chuile dhuine go raibh muid ar fheabhas! Thaitin an oíche go mór liom.

Eoin Ó Dubhghaill (Rang a 3)

 

Thosaigh an Dráma

Bhí Orla an-dána

Is nuair a tháinig Máirtín amach

Bhí Máirtín an -chrosta

Mar ghlan Orla a bhróga

Is nuair a tháinig an tIarla

Bhí deireadh leis an spraoi!!

Is nuair a tháinig Lara amach

Scanraigh Muireann í.

Is nuair a bhí siad sa choill

Bhí Gráinne strumpaithe leis an bhfuacht!!!

Gráinne Ní Choistealbha (Rang a 3)

 

Ar an 21 lá,

Bhí an oíche go breá,

Bhí ‘chuile dhuine ann,

‘Gus bhí an halla lán.

Bhí mé mar Dame Isabella,

Bhí páirt maith ag na daoine eile,

Nuair a tháinig an lá,

Bhí go leor a’am le rá

Bhí Lara mar Eibhlín,

‘Gus bhí Eoin mar leipreacháinín,

Murach an múinteoir s’againne,

Ní bheadh tada againne. Gráinne Ní Fhátharta, 12/1/’01

 Bhí an dráma ag siúl i halla na Tulaí ar an 21/12/2000. Bhí mé mar bhean uasal sa dráma . Bhí gúna álainn fada gorm orm. Bhí go leor damsha agus ceol sa dráma. Bhí mé ag damsha le Máirtín agus Eimear. Bhí mo cara Orla mar Druff . Sí an múinteoir Bríd a mhúin an drama dúinn. Bhí an dráma iontach. Mairéad Ní Churraoin (Rang a 3)

 

Phós an rí bean óg deas

A cheap sé a rinne ór don tuí

Ach bhí luach le híoc ar an gcleas

Leis an abhac a tháinig san oíche.

 

Ach ní i bhfad an spraoi

Bhí imní ar an mbanríon faoina mac

Ní raibh fagtha aici ach sé mhí

Go mbeadh an prionsa beag ag an abhac

 

Amuigh san choill bhí sé ciúin

Bhí an tabhac ag déanamh gaisce

Nuair a bhéic sé amach a rún

Bhí turas rum-peil-stilt-skin in aisce. ~ Orla Ní Fhinneadha (Rang a 3)

 

Thosaigh an dráma Déardaoin. Bhí mise mar dhuine uasal. Oh ya is mise P.J. - tá mé naoi mbliana d’aois. Bhí orainn damhsa. Bhí mise ag damhsa le Caroline-Bhí sé uafásach!!! Bhí raifil ann. Tar éis an dráma cheap ‘chuile dhuine go raibh sé iontach. ~ P.J. Bairéad. (Rang a 3)

 

An drama Nollag a bhí ag rang a trí agus a ceathair ná Rumpelstiltskin. Bhí an-obair curtha isteach ann ach nuair a tháinig an oíche bhí sé iontach. Bhí éadaí aisteach orainn, - bhí gúnaí fada ar na mná uaisle, agus léinte aisteach ar na fir. Bhí sceitimíní orm, ach bhí mé beagainín neirbhíseach freisin. Bhí mé brónach nuair a bhí sé thart. Seán Ó Diollúin R4

Tharla an drama Nollag ar an 21ú lá de mhí na Nollag. Ghlac mé páirt sa dráma Rumpelstiltskin. Ba mise Rumpelstiltskin! Bhí mé ag iarraidh páiste beag Eibhlín agus an rí ghoid ach níor éirigh liom. Chaith mé léine buí agus bán, cóta furry donn gan aon mhuinchillí, stocaí fada agus buataisí an mhúinteora. Bhí na tuismitheoirí agus na gasúir eile ar fada ag rá go raibh mé iontach! Bhí mo thuismitheoirí an-bhródúil asam. Cuimhneoidh mé air go deo. Muireann Ní Chadhain (Rang a 4)

Rang a 5&6

  

 

Abhaile!